Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Freastal Réasúnta

Éilíonn an tsonraíocht seo do Ríomheolaíocht na hArdteistiméireachta seo go rachaidh an scoláire i ngleic le cur i bhfeidhm praiticiúil na smaointeoireachta ríomhaireachtúla ar bhonn leanúnach i rith an chúrsa. Lena chois sin, tá obair chúrsa ina gné don mheasúnú, dá mbronntar 30% d’iomlán na marcanna. D’fhéadfadh impleachtaí a bheith ag an mbéim sin ar chur i bhfeidhm praiticiúil i gcás an scoláire ag a bhfuil deacrachtaí fisiciúla/leighis/céadfacha agus/nó deacrachtaí foghlama ar leith. Chuige sin, dearadh scéim na nOiriúntas Réasúnta, arna feidhmiú ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, chun cabhrú le hiarrthóirí san Ardteistiméireacht ag a bhfuil deacrachtaí fisiciúla/leighis/céadfacha agus/nó deacrachtaí foghlama ar leith. Agus an cúrsa á bhreithniú, moltar gur chóir d’aon scoláire a bhfuil míchumas ag dul dó teagmháil a dhéanamh le Coimisiún na Scrúduithe Stáit roimh ré le fáil amach cibé ar féidir aon oiriúntais a dhéanamh.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.